Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 059
- XML “Scéalta Greannmhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhi bean ann fadó agus bhí aón mach amháin aiche. Bhíodar an bocht agus ní raibh acha ach aon bhó amháin. Lá amháin dubairt sí leis an mac dul ag an aonach agus an bhó a dhíol. Ach dubhairt sí leis gan i a dhíol go bhfuigeadh sé an piginn is airdhe ar an mhargadh uirti. Dtimigh an mac seo leis. Nuair a sroich sé an t-aonach casadh fear dó agus d'fiafruigh sé do cén meadh a bhí sé ah iarraidh ar an mbó agus dubhairt sé go raibh sé ag iarraidh an phiginn is aoirde ar an margadh. Croch an fear pighinn suas ar barr maide agus dubhairt sé go mba sn an piginn is aoirde ar an margadh. Tóg an t-amadán an pieginn agus thus sé an bó d'on fear. Ar a bealach abhaile casadh fear dó a bhí ag díol síol agus ceannaig an mac seo síol ón bfear ar an bphighinn. Ansin cuaidh sé abhaile agus thug sé an síol dá mhatair. Tháinig olch mór uirthí. Rugh sí ar an síol agus sí amach tridh an bhfhuinneogh é. Nuair a déirig an mach bí crann mór fásta taobh amuigh gan fuinneogh. Bhí an crann comh h-árd leis an teach. Cuir sé ar a cuidh éadhaigh agus cuaidh sé suas san gcrann. Nuair a sroich sé bhárr an crann connaich sé teach mór agus é lán le fhuinneóga agus an doras dúntha air. Bhuail sé an doras agus d'osghail bean dó é. Chuaidh sé isteach agus suidhe sé síos. Faoí ceann tamaill labhair an bean agus dubhairt sí "Tá fatach mór in a comhnaidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Cheannabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomas Ó Cheannabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe