Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ag Doghadh Aoil - Bhí ceird ag na daoine fadó ag baint slighe bheatha as ag dóghadh aoil agus dá dhíol. Séard a dheinidís ar dtús théigheadh siad go oileán eicín a mbíodh cloca aoil fairsing ann. Thugaidís lán an bháid go cloch leo agus thugaidís go dtí an chéib iad agus chuiridís amach ar an gcéibh iad. Thugaidís asal leo agus chuiridís srathar agus cléibh air agus thugaidís abhaile na cloca. Ní raibh aon chasúr ag na daoine an t-ám sin séard a dheinidís ná cloc a fhághail agus na cloca aoil a bhriseadh. Dheinidís balla lé cloca agus chuiridís urlár le leacroch ann agus d'fágaidís poll faoi'n urlár le h-aghaidan luatreac a thuirim síos ann ó'n aol. Chuiridís go leór móna abhaile annsin. An chéad rud eile sead teine a cur isteac san mballa. Nuair a bhíodh an teine dearg chuiridís brac cloc isteac ann agus bhíod an móin is na cloca dá gcur isteac no go mbíodh na cloca caichte sé lá ar an aol dóghadh. Nuair a bhíos sé dóighte tugtaí isteach i sgioból é agus díoltaí amac leis na daoine é.Tomás Breathnach Calladhmhuighinse Cárna
Fáighte Ó Stiophán Ó Nígh Calladhmhuighinse Cárna- Bailitheoir
- Tomás Breathnac
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Stiophán Ó Nígh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe