School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sean bhean ann fadó agus bhí sé ráidhte go raibh go leór óir aici agus go leór airgead freisin agus níor mhaith leithí é a thabhairt do dhuine ar bith in dhiaidh a báis. Do bhí sí an sean agus bíodh sí ag rádh leithí féin i gcomhnaidhe nach mbeadh sé i bhfad no go bhfuigheadh sí bás. Lá amháin chuaidh sí amach san ngarraidh ag breathnughadh in a timcheall do bhí clochar mór taobh thiar den teach agus chuaidh sí isteach ag iarraidh an óir. Thug sí amach leithí é agus cheap sí nach raibh duine ar bith ag breathnughadh uirrthí. Do thosuigh sí ag siubhal timcheall an chlochair. Do chaith sí an tór isteach faoi do bhí cailín beag istigh san teach ag breathnughadh uirrthí. Do bhí an sean bhean sásta anois mar cheap sí nich bhfuigheadh duine ar bith an t-ór a chuir sí i bhfolach nuair a geobhfadh sí féin bás. Chuaidh sí isteach abhaile annsin agus ní raibh sé i bfadh in a dhiaidh sin no go bhfuair sí bás, agus ní raibh fios ag duine ar bith cá raibh an t-ór aicí nó cén áit a chuir sí é. Cuireadh annsin í, agus lá ar na bhárach tháinic fear isteach agus dfhiafruigh sé den inghean ar fhág an t-sean bhean mórán airgid, agus dubhairt an ti-inghean nar fhág agus "an dubhairt sí tada faoi" arsa an fear dubhairt an inghean nar dhubhairt sí focal faoi. Nuair an t-sean bhean bás phós an inghean.(continues on next page)
- Collector
- Brígid Ní Cheannabháin
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Pádhraic Ó Cheanndhubháin
- Gender
- Male
- Address
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe