School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 116
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 116
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Loch na treasgáin:- Sé an fáth a tugadh loch na trocgáin ar mar tá baile thart timcheall ar dár b'ainm trasgáin.
Loch an Iarann:- Sé an fáth a thugadh loch an Iarann ar ná go raibh iarann lé fághail ann fadó.
Strapa na bfataí.:-Sé an fáth a thugadh strapa na bfataí ar mar bhíodh báidh mhóna ag cur amach fataí ann fadó.
Cloch na Fineóga:- Sé an fáth a thugadh Cloch na Fineóga ar an cloch sin mar béad nead ag éan dár b'ainm fineóg ar a bárr.
An Muileann:- Tá muileann gar den bfairrge. Muileann sídhe is ead é agus bíonn sé ag obair i rith an oidhche.
Oileán na Lachainn:- Sé an fáth a thugadh oileán na lachainn ar mar tá sé lán lé lachainn fhíadháin.
Áill na sgíth:- Sé an fáth a thugadh Aill na sgíth ar mar béadh daoine ag tógál a sgíth ag teacht ón slíabh.
Clochar Mór:- Sé an fáth a thugadh clochar mór ar mar tá clochar mór ann.
Balla Sheoírse:- Sé an fáth a thugadh balla Sheóirse ar mar bhí fear in na chomnuidhe ann. Thuit an teach air agus tá an t-ainm sin ar an balla ó shin.- Collector
- Seóirse Ó Seachnasaigh
- Gender
- Male