School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 061
- XML “Scéalta Greannmhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fadó agus ní raibh aicí ach aon mhac amháin. Ba amadán a bhí ins an mac seo. Do bhíodar an bhocht agus lá amháin dubhairt a mháthair leis an t-amadán a dhul go dtí an margadh lé píosa bréidín agus gan a tígheacht abhaile gan airgead. Dimthigh an mac leis nó go dtáinic sé go dtí am margadh. Tháinic duine go dtí é bhreathnuigh sé ar an mbréidín. Dimthigh sé sin agus ba ghearr go dtáinic fear eile go dtí é bhreathnuigh sé ar an mbréidín. Dimthigh sé sin agus tháinic fear eile chuighe. Bhreathnuigh sé ar an mbréidín agus dubhairt sé leis nach raibh sé sathach tirm. Dimthigh an t=amadán leis go dtáinic sé go dtí áit uaigneach agus sgar sé an bréidín ar clochar ann. Dimthigh sé leis annsin go dtí an margadh. Nuair a tháinic sé ag breathnughadh ar an mbréidín ní raibh sé ann. Do bhí sé an bhrónach anois mar chuimhnigh sé ar an rud a dubhairt a mháthair leis gan a thigheacht abhaile gan airgead. Be ghearr go dtáinic fear thart agus dfhiofhruigh sé do céard a bhí sé ag tóruigheacht dinnis sé a scéala don fhear. Dubhairt an fear leis go raibh taibhsibh le feiceál sa(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Ceanndubháin
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Informant
- Pádraic Ó Cheanndhubháin
- Gender
- Male
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway