School: Árd Mhór
- Location:
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó Gleasáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Mhór
- XML Page 062
- XML “Scéalta Greannmhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gclochar. Bféidir gurb iad na taibhsibh a thug an bréidín isteach sa gclochar arsa an tamadán bféidir gurb iad arsa an fear. Dimthigh an fear leis agus thosuigh an t-amadán ag tóruigheacht an bhréidín sa gcochar. Ba ghearr go bhfuair sé sean mhála. Dfhoscail sé é agus fuair sé go leór airgid ann. Chuaidh sé abhaile annsin agus bhí an athas air. Dinnis sé dá mháthair a scéal. Dubhairt a mháthair leis gan é a innseacht do dhuine ar bith. Be lé tincear an t-airgead. Dinnis an t-amadán do chuile dhuine é, agus ba ghearr gur chuala an tincéar é agus tháinic sé chomh fada leis an teach ag iarraidh an tairgid uirrthí. Dubhairt a mháthair leis an t-amadán a dhul taibh thíar den doras agus laighe a bhí ann a thógáil agus an tincéar a marbhú. Rinne an mach amhlaidh. Nuair a bhí sin déanta aige tharraing siad taobh thiar den teach é. Do bhí portach mor taobh thiar den teach agus do chaitheadar an tincéar síos ann. Do bhí fios ag an máthair anois go n-innsochadh an t-amadán do chuile dhuine é agus nuair a bhí sé in a chodhladh mharbhuigh an mháthair gabhar agus caith sí síos sa bportach é, agus tharraing sí an tincéar amach as. Ba ghearr gur chuala na gárdí é agus tháiniceadeir chom fada leis an teach agus(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Ceanndubháin
- Gender
- Female
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway
- Informant
- Pádraic Ó Cheanndhubháin
- Gender
- Male
- Address
- An Aird Mhóir, Co. Galway