School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 148

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 148

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 148
  3. XML “Seanfhocail”
  4. XML “Seanfhocail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    20. Nuair is cruadh don cailleach caithfidh sin rith.
    Tá sgéal ann faoí an sean-fhocal sin. Bhí beirt fhear ann fadó agus bhí an dúil acu i n-ublaí. Cailleadh duine acú agus cuireadh mála ublaí sios san gconra i n-éinfeacht leis. An fear eile a raibh dúil aige sna h-ublaí ceap sé an oidhche seo iad a goid. Casadh fear dhó a bhí dul ag goid caora agus dubhradar go dtiocfaidís chuig an áit céadhna arís. Ba é fear na n-ublaí an chéad duine a tháinig. Chonnaic cailín é agus chuaidh sí isteach agus dinnis sí do sean-chailleach é. Dubhairt an cailleach í a iomcar amach go gcuirfeadh sí ceist air. Nuair a chonnaic an fear an chailleach ag teacht ceap sé go mba é fear na caorach a bhí ann agus d'iarr sé air an raibh sí ramhar no a mbfhiú í a marbhughadh. Nuair a chuala an cailleach an chaint sin ceap sí go mba í fhéin a bhí i gceist. Chaith sí í fhéin anuas de dhruim an té a bhí da h-iomcar agus rith sí lé na h-anamh.
    21. Níl aon greim ar an urcar ó caithfear í.
    22. Is feárr an t-sláinte mhór ná na táinte bó
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.