Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Áitainmneacha

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 116

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Loch na treasgáin:- Sé an fáth a tugadh loch na trocgáin ar mar tá baile thart timcheall ar dár b'ainm trasgáin.
Loch an Iarann:- Sé an fáth a thugadh loch an Iarann ar ná go raibh iarann lé fághail ann fadó.
Strapa na bfataí.:-Sé an fáth a thugadh strapa na bfataí ar mar bhíodh báidh mhóna ag cur amach fataí ann fadó.
Cloch na Fineóga:- Sé an fáth a thugadh Cloch na Fineóga ar an cloch sin mar béad nead ag éan dár b'ainm fineóg ar a bárr.
An Muileann:- Tá muileann gar den bfairrge. Muileann sídhe is ead é agus bíonn sé ag obair i rith an oidhche.
Oileán na Lachainn:- Sé an fáth a thugadh oileán na lachainn ar mar tá sé lán lé lachainn fhíadháin.
Áill na sgíth:- Sé an fáth a thugadh Aill na sgíth ar mar béadh daoine ag tógál a sgíth ag teacht ón slíabh.
Clochar Mór:- Sé an fáth a thugadh clochar mór ar mar tá clochar mór ann.
Balla Sheoírse:- Sé an fáth a thugadh balla Sheóirse ar mar bhí fear in na chomnuidhe ann. Thuit an teach air agus tá an t-ainm sin ar an balla ó shin.

Bailitheoir
Seóirse Ó Seachnasaigh
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge
Suíomh
An Aird Mhóir