Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal faoi na Dlíthe Pianúla (ar lean)
“In aimsear na peindlighte do bhí sagart uair i Maoghrus agus so bhí séipéal aige ann.”
(ar lean ón leathanach roimhe)dtáinic siad chomh fada leis an oilean. D'imthigh na saighdiúirí amach as an mbád agus thosuigh siad ag ritheacht féachaint an sort oileán a bhí ann. D'fhág siad an bád le feistiú ag an sagart. Nuair a bhíodar tamalll amach isteach ar an oileán séard a rinne an sagart ná imtheacht leis an mbád agus d'fhág sé na saighdiúirí ar an oileán. Nuair a chonnaic na saighdiúirí é sin do rith siad go dtí an cladach agus do thosuigh siad ag caitheadh piléar leis an sagart. Do chrom an sagart ar thóin an bháid. Nuair a bhí an bád tolta uilig dubhairt na saighdiúirí nach raibh aon mhaith dóibh a bheith ag cainnt. D'imthigh an sagart leis agus ba ghearr gur cailleadh na saighdiúirí, agus na chéad daoine a chuaidh isteach ar an oileán chonnaic siad na saighdiúirí agus chuireadar iad agus is é an t-ainm atá ar an áit ó shoin ná Leac na nGall mar ba as Sasana na saighdiúirí.
Tá Cruadh na Caoile suidhte amach ar aghaidh Maoghras i gCarna.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Cheanndhubháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Cheanndhubháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe