Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 071
- XML “Scéalta Greannmhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)féin. D'éirigh an sagart agus chuir sé an cat anuas agus ni túisce a bhi an cat curtha anuas ná léim sé suas arís. Agus d'éirigh an sagart go feargach agus dubhairt leis cé'n fáth ar chuir tú fios ormsa agus an cat sin a chur i bpáirt liom.
Bíonn an cat sin i bpáirt le gach duine dá dtagann annseo arsa an ministéar. Ní iosfaidh mise aon blas in-éindigh leis an gcat sin adeir an sagart ag éirigh ina sheasamh agus ag tarraingt amach leabhar beag as a phóca agus thosuight sé ag léigheadh. Do réir mar bhí an sagart ag léigheadh bin an cat ag méadú go raibh sé chomh mór agus go raibh an seomra i ngar a bheith líonta aige. Ó stop arsa an ministéar agus éist leis nó plúcaidh sé muid. Is cuma liom arsa a sagart. Ní dhearna tú mo chomhairle ar dtús agus beidh rud gá bharr agat anois agus níor stad an sagart acht a léigheamh agus thosuigh an cat ag clamhsán agus nuair a shil an ministéara dul amach rug an cat ar mhuinéal air agus mharbhuigh sé é. Anois adeir an sagart bhfearr dhuit féin mo chomhairlese a dhéanadh agus nuair a bhi an sagart ag dul abhaile ghlac na searbhfóntaí an-buidhcachas leis mar dubhairt siad gur cat draidheachta a bhi ann agus go raibh siad badráilte aige agus nuair a chuadar isteach san seómra bhí an cat pléascaidh agus bhí [ ] mór orra mar bhi an cat agus an ministéir marbh agus bhí sódh agus socamail aca indiaidh an chait agus an ministéara.- Bailitheoir
- Tomás Breathnac
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Stiopán Ó Nígh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe