School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 071

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 071

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 071
  3. XML “Scéalta Greannmhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    féin. D'éirigh an sagart agus chuir sé an cat anuas agus ni túisce a bhi an cat curtha anuas ná léim sé suas arís. Agus d'éirigh an sagart go feargach agus dubhairt leis cé'n fáth ar chuir tú fios ormsa agus an cat sin a chur i bpáirt liom.
    Bíonn an cat sin i bpáirt le gach duine dá dtagann annseo arsa an ministéar. Ní iosfaidh mise aon blas in-éindigh leis an gcat sin adeir an sagart ag éirigh ina sheasamh agus ag tarraingt amach leabhar beag as a phóca agus thosuight sé ag léigheadh. Do réir mar bhí an sagart ag léigheadh bin an cat ag méadú go raibh sé chomh mór agus go raibh an seomra i ngar a bheith líonta aige. Ó stop arsa an ministéar agus éist leis nó plúcaidh sé muid. Is cuma liom arsa a sagart. Ní dhearna tú mo chomhairle ar dtús agus beidh rud gá bharr agat anois agus níor stad an sagart acht a léigheamh agus thosuigh an cat ag clamhsán agus nuair a shil an ministéara dul amach rug an cat ar mhuinéal air agus mharbhuigh sé é. Anois adeir an sagart bhfearr dhuit féin mo chomhairlese a dhéanadh agus nuair a bhi an sagart ag dul abhaile ghlac na searbhfóntaí an-buidhcachas leis mar dubhairt siad gur cat draidheachta a bhi ann agus go raibh siad badráilte aige agus nuair a chuadar isteach san seómra bhí an cat pléascaidh agus bhí [ ] mór orra mar bhi an cat agus an ministéir marbh agus bhí sódh agus socamail aca indiaidh an chait agus an ministéara.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Breathnac
    Gender
    Male
    Address
    Caladh Mhaínse, Co. Galway
    Informant
    Stiopán Ó Nígh
    Gender
    Male
    Address
    Caladh Mhaínse, Co. Galway