Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 070

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 070

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 070
  3. XML “Scéalta Greannmhara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar bun acu léim an cat suas an taobh eile díob agus d'orduigh siad gan mhinistéar an cat a chur anuas mar nár mhaith leo an cat a bheith ibpáirt leo ag ithe.
    Agus dubhairt seisean nach gcuirfeadh mar go mbíodh an cat sin ag ithe in-éindigh leis féin i gcomhnaidh agus go gcaithfidís glacadh leis. D'éirigh siad ón mbord agus dubhradar nach n-íosfhidís féin aon bhlas an fhad is bheadh an cat ar an mbord. Thosuigh an cat ag clamhsán agus ag cur cuma ulc air féin agus shiubhail na daoine uaisle amach agus lean an cat amach iad agus b'éigean gan ministéara agus dá chuid searbhfhónta an cat a leanamhaint agus é a thabhairt ar ais ar fhaithcíos go marbhóchadh sé iad. Lá amháin chuaidh sé ar cuairt ag sagart parráiste agus thug sé cuireadh do'n t-sagart dul chun dinnéar la'r na bháireach agus gheall an sagart dó go ngabhfhadh agus tháinig agus nuair a bhi an dínnéar réidh shuidh an sagairt isteach chuig an mbord. Ní túisce a bhí sé suidhte ná léim an cat suas an taobh eile de. Agus dubhairt an sagart leis an ministéar an cat a chur anuas don bord agus dubhairt sé leis nach gcuirfeadh mar bgo mbíonn sé sin ag ithe in-éindigh leis féin igcomhnaidhe agus ní tiubharfeann an cat sin ar ór ná ar airgead a deir sé. Dubhairt an sagart nach mbéadh sé ag ithe in-éindigh leis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Breathnac
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Stiopán Ó Nígh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe