Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0440

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0440

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0440
  3. XML “Locht atá a'd air?”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Thosuigh sé 'g obair agus is geárr a bhí sé 'gobair nuair a chua cárr thart. D'fhiafruigh sé g' fhear a' cháirr a' dtiúbhrad sé cárr coirce chuig a' margadh dhó. Dubht. fear a' cháirr go dtiubhradh agus fáilte. Lionadh an cárr coirce agus tugadh go dtí'n margadh é. Ba ghearr go dtáinic cárr eile thart agus d'fhiafr. sé g'fhear a' cháirr a' dtiubhrad sé cárr coirce ar an margadh dhó. Dubht. f. an ch. go dtiubhradh agus fáilte. Thug. Agus tug siad a' t-airgead ar ais aige, agus bhí sé an-bhuidheach dhóibh. Ba ghearr go dtáinic a' rí. - Tá tú a déanu go maith, adeir sé. - Táim, ar seisean. Cuir mé dá chárr coirce ar a' margadh, adeir sé.
    - Ó, nach olc an obair í sin, adeir a' rí.
    - 'Locht atá a'd air? adeir an buachaill.
    - Ó ní h-eadh, ná 'chor ar bith, adeir a' rí
    - Níor bhfoláir dhuit (Níor vleár it) 'fhagháil.
    - Ní shin í an obair a bhéas (bheidheas) amáireach ort, adeir a' rí, ach beidh tú a' treabhadh le dhá chapall agus céachta.
    D'imthigh leis ar maidin lá'r na bháireach le n-a chapall agus a chéachta agus chua sé a' treabhadh. Ba ghearr a' treabhadh dhó no go bhfaca sé dhá thincéara 'g 'uil thart. D'fhiafruigh sé díobh a' mbobhtáilfeadh siad caiple leis. Dubht. siad go mbobhtáilfeadh. Rinneadar amhla. Tháinic a' rí annsin. - Tá tú a' déanu go maith, adeir a' rí.
    - Bhí mé a' déana go maith nó go bhfuair mé an dá shean-chapall seo, adeir a' searbhfónta. Tosaigh an rí ag casaoid air agus d'fhiafruigh an buachaill do a' raibh sé 'fagháil aon locht air. Dubht. a' rí nach raibh. - Ní h-'in í an obair a bhéas amáireach ort, adeir sé, beidh daoine uaisle ag teacht ag mo teach agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Ó Cúláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    26
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe