School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thosuigh sé 'g obair agus is geárr a bhí sé 'gobair nuair a chua cárr thart. D'fhiafruigh sé g' fhear a' cháirr a' dtiúbhrad sé cárr coirce chuig a' margadh dhó. Dubht. fear a' cháirr go dtiubhradh agus fáilte. Lionadh an cárr coirce agus tugadh go dtí'n margadh é. Ba ghearr go dtáinic cárr eile thart agus d'fhiafr. sé g'fhear a' cháirr a' dtiubhrad sé cárr coirce ar an margadh dhó. Dubht. f. an ch. go dtiubhradh agus fáilte. Thug. Agus tug siad a' t-airgead ar ais aige, agus bhí sé an-bhuidheach dhóibh. Ba ghearr go dtáinic a' rí. - Tá tú a déanu go maith, adeir sé. - Táim, ar seisean. Cuir mé dá chárr coirce ar a' margadh, adeir sé.
- Ó, nach olc an obair í sin, adeir a' rí.
- 'Locht atá a'd air? adeir an buachaill.
- Ó ní h-eadh, ná 'chor ar bith, adeir a' rí
- Níor bhfoláir dhuit (Níor vleár it) 'fhagháil.
- Ní shin í an obair a bhéas (bheidheas) amáireach ort, adeir a' rí, ach beidh tú a' treabhadh le dhá chapall agus céachta.
D'imthigh leis ar maidin lá'r na bháireach le n-a chapall agus a chéachta agus chua sé a' treabhadh. Ba ghearr a' treabhadh dhó no go bhfaca sé dhá thincéara 'g 'uil thart. D'fhiafruigh sé díobh a' mbobhtáilfeadh siad caiple leis. Dubht. siad go mbobhtáilfeadh. Rinneadar amhla. Tháinic a' rí annsin. - Tá tú a' déanu go maith, adeir a' rí.
- Bhí mé a' déana go maith nó go bhfuair mé an dá shean-chapall seo, adeir a' searbhfónta. Tosaigh an rí ag casaoid air agus d'fhiafruigh an buachaill do a' raibh sé 'fagháil aon locht air. Dubht. a' rí nach raibh. - Ní h-'in í an obair a bhéas amáireach ort, adeir sé, beidh daoine uaisle ag teacht ag mo teach agus(continues on next page)- Informant
- Pádhraic Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Age
- 26
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway