Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0282

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0282

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0282
  3. XML “An tOileán Draíochta”
  4. XML “An tOileán Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dubhairt an fear, "Is breágh go deimhin thú." Dubhairt sí an dárna h-uair é agus dubhairt an fear an rud céadna. Dubhairt sí arís é agus dubhairt an fear "Is breágh thú, bail ó Dhia ort." "Tá tú ró-mhall anois," adeir an bhean, "dá ndéarfá é sin cheana bheadh mise in do sheilbh agus bheadh an t-oileán seo in do sheilbh. Anois," adeir sí, "tá do bhád san áit ar fhágaibh tú í agus bí ag déanamh uirthi go beo."
    D'imthigh an fear leis go faitcheach gur bhain sé amach an bád. Níor thúisce ar bhord é ná d'imthigh an t-oileán as amharc, agus bhí sé leis féin ar dhruim na mara móire.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bíonn oileán draoidheachta le feiceál uaireannta annsin amuigh i mbéal an chuain. Tá sé ann le fada an lá. Deirtear dá gcaittide píosa iarainn ar an oileán nuair a bheadh sé le feiceál go n-imtheóchadh an draoidheacht dó agus go bhfanfadh sé tirim níos mó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Flaitheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe