School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0282
- XML “An tOileán Draíochta”
- XML “An tOileán Draíochta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dubhairt an fear, "Is breágh go deimhin thú." Dubhairt sí an dárna h-uair é agus dubhairt an fear an rud céadna. Dubhairt sí arís é agus dubhairt an fear "Is breágh thú, bail ó Dhia ort." "Tá tú ró-mhall anois," adeir an bhean, "dá ndéarfá é sin cheana bheadh mise in do sheilbh agus bheadh an t-oileán seo in do sheilbh. Anois," adeir sí, "tá do bhád san áit ar fhágaibh tú í agus bí ag déanamh uirthi go beo."
D'imthigh an fear leis go faitcheach gur bhain sé amach an bád. Níor thúisce ar bhord é ná d'imthigh an t-oileán as amharc, agus bhí sé leis féin ar dhruim na mara móire. - Bíonn oileán draoidheachta le feiceál uaireannta annsin amuigh i mbéal an chuain. Tá sé ann le fada an lá. Deirtear dá gcaittide píosa iarainn ar an oileán nuair a bheadh sé le feiceál go n-imtheóchadh an draoidheacht dó agus go bhfanfadh sé tirim níos mó.(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Flaitheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway