Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0217

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0217

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0217
  3. XML “Scolóigín na Féasóige Liath agus Mac na Baintrí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thosaigh ag taosgadh an tobair agus ní bhíodh aon bhuicéad dhá gcaitheadh sé amach as nach dtagadh a thrí oiread isteach arís. Thuit sé síos an uair seo agus thosaigh sé ag caoineadh. Agus nuair a tháinic an inghean chéadna a thagadh gach lá roimhe sin le n-a bhéilí, - "Anois," ar sise, "ith do bhéile". - "Níl aon mhaith dhom a dhul dhá ithe," adeir mac na b. - "Ó ith anois é," ar sise; "ní baoghal duit."
    D'ith sé a bhéile agus an fhad 's bhí sé gá ithe bhí an tobar taosgtha ag inghin na Sgolóige, agus an fáinne fáighte aici. Bhí an-ríméad ar mhac na b. Dubht. sí leis, - "Tiocfa m'athair ag breathnú ar an obair tráthnóna agus fiafróchaidh sé dhíot an bhfuil an obair déanta agat agus freagair go deas é. Agus anocht tosóchaidh sé ag cur cheisteannta ort agus fiafróchaidh sé dhíot (an bhfuil an obair déanta a) an mbeidh tú i do chodladh agus abair leis nach bhfuilir. Agus déarfa sé leat, - "Nach maith an éisteacht atá agad a mhic na B?" Agus an tríomhadh uair éirigh de léim [nóta imill: go léim] agus craithfidh sé gráinne coirce ar an urlár, agus beidh mise mar chearc in bhur measg, agus nuair a chuirfeas sé an cheist ort cé an ceann a b'fhearr leat abair gur mise an ceann a b'fhearr leat."
    Chuaidh mac na b. a chodladh a oidhche sin agus ba ghearr ann dhó go dtáinic S. na F.l. agus d'fhiafruigh dhó an raibh sé 'na chodladh agus dubht. seisean nach raibh. "Is maith an t-éisteacht atá agad, a mic na B.", adeir se. - "Is maith," ar seisean. Faoi cheann tamaillín arís d'fhiafruigh an Sgcolóigín dó a' raibh sé 'na chodladh. Dubhairt sé nach raibh. Is maith an t-éisteacht atá agad, a mhic na B.", ars an Sgolóigín. "Is maith" ar seisean. Acht an tríomhadh uair adubht an Sgolóigín leis é, d'éirigh mac na b. de léim, ach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádhraic 'Ac Thuaithealáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    26
    Seoladh
    An Teach Mór, Co. na Gaillimhe