School: Crois Bhóthar

Location:
Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0229

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0229

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Crois Bhóthar
  2. XML Page 0229
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá mé in mo chomhnuidhe i gCluain Caoilbhigh i bParróiste Cille Bheinín agus i mbarúntacht Dúin Mhóir. Tá nios mó teach ann anois ná mar a bhí ann fadó. Cúig cinn déag aca atá ann anois.
    Tá an díon ar an gcuid is mo de na tíghthibh déanta de thuighe agus ar an ádhbhar sin sé tuighe is coithcianta ann.
    D'innis mo shean-mháthair é seo dom. Sé an fáth gur cuireadh an t-ainm Cluain Caoilbhigh ar an áit seo, adubhaiart sí, ná mar bhí fear tabhachtach ins an áit seo uair amháin agus sé an t-ainm a bhí air ná "Ceely" agus bhí a lán taltaí féir aige freisin agus nuair a fuair sé bás d'fhan an t-ainm sin air uaidh sin amach. Tháinig tighearna annsin agus an t-ainm Sheoirse C. Loinsigh air. Athair do "Andrew Loinsigh" é atá in a chomhnuidhe i nDugra, cúig míle ar an taobh thiar-thuaidh de Thuaim. Bhí go leor daoine bochta faoi a smacht ag "Seoirse C. Loinsigh" agus bhí cíos mór trom le íoc aca as a gcuid talman. Bhí sé 65 bliadhain d'aois nuair a fuair sé bás d'fhan an t-ainm sin ar an áit seo uaidh sin amach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe
    Collector
    Nóra Ní Núthail
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe