School: Crois Bhóthar
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Sé seo an caitheamh aimsire a bhíos agam-sa sa bhaile. Déanann mé agus mo chompánaigh slabhraighthe de nóiníní san Samhradh. Tar éis caogadh nó mar sin de nóiníní a bhailiú gheibhim ceann amháin de na nóiníní agus gheibhim snáthad agus snáth sgus cuirim an snáthad tríd an ngas.
Annsin cuirim nóinín eile tríd an bpoll sin agus cuirim poll i ngas an nóinín sin agus cuirim nóinín eile tríd an bpoll sin. Leanaim de'n obair sin ag cur isteach is ag tarraingt go mbíonn sé fada go leor. Annsin cuirim an dá nóinín a bhíos ag ceann an t-slabhra le chéile agus ceanglaim iad. Bíonn sé críocnuighthe annsin.
San nGeimhreadh nuair a bhíos orrainn na coinnle Nodhlag a lasadh cuidigheann mé le mo shean-mháthair ag déanamh na(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- Cloonkeenbeg, Co. Galway