School: Crois Bhóthar
- Location:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Crois Bhóthar
- XML Page 0175
- XML “Laethanta Áirithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Má ta daoine ag tosnú aon rud, ní maith leo é a thosnú ar Dia Sathairn mar cheapann siad go mbéadh sé i bhfád sul a mbéadh se críochnuighthe. Dá mbéadh duine ag fágáil tighe chun dul isteach i dteach nua, ní rachadh sé isteach ann ar Dia Sathairn ach
rachadh sé ann ar Dia h-Aoine.
Dá mbéadh duine ag cur fataí, chuirfeadh sé cúpla scoilteanna ar leith ar leath thaobh chun iad a chur ar Aoine Chéasta. Dá mbéadh siad ag cur fataí ba mhaith leo an obair a thosnú ar Dia h-Aoine.
Ar Lá 'le Stiopháin teigheann na buachaillí thart ó theach go teach ag rádh amhrán. Tugann an bhean a'tighe pighinn dhóibh. Bíonn bosca acú agus dreoilín ins an mbosca.
Ar Lá 'le Brighid teigheann na buachaillí fásta thart agus iad gléasta i sean-eadach. Bíonn gléas ceoil ag duine acú, agus(continues on next page)- Collector
- Séamus Phléamonn
- Gender
- Male
- Address
- Castlegrove West, Co. Galway