Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Pollacorragune, Co. Galway
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0108
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tháinig sé inteach ar ghualnaibh daoine, is chuaidh sé amach mar shnáithín sioda.
Móin
Seanduine beag donn is a bothán ar a dhruim aige.
Seilmide.
Lán na páirce de bhuaidh bána is bó mhór dhearg eatortha istigh
Do chuid fiacal agus do teanga.
Rith mé agus fuair mé é,
Chuarduig mé act ní fuair mé é,
Dá bhfághainn é ní tiubhrainn liom é,
Ní fuair mé é agus thug mé liom é.
Dealg.
Rud beag dearg a bhí ag fás ar chrann,
Chonnaic beirt é,
Bain cúigear é,
Ceangal dháréag é,
Agus d'ith duine amháin é.
Ubhall
Droichead ar loc,
Gan maide gan cloc.
Ghiorránáin beag bobáilte.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cloonkeenbeg, Co. Galway