School: Crois Bhóthar

Location:
Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0209

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0039, Page 0209

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Crois Bhóthar
  2. XML Page 0209
  3. XML “Cluichí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo iad na cluichí a n-imrigheann mé ná "Na Gadaidhe," Geataí Móra," "Hide and Seek," agus "Frog in the Pan."
    Sé an chaoi a ndéanann mé "Na gadaidhe ná bíonn cúpla cailíní eile in éindigh liom agus teigheann mise agus cailín amháin ar leath-taobh agus toghaimíd dhá rud agus iarraimíd ar na cailíní eile ciacu den dhá rud sin is fearr leo. Nuair a bhíonn sé sin déanta againn roineann cailín amháín muid in dhá leith agus tosuigheann muid annsin ag tarraingt le n-ár ndícheall go dtuiteann dream eicínt. Bíonn an bhuaidh ag an dream eile agus tosuigheann siad ag bualadh bos.
    Se an chaoi a n-imrighim na "Geataí Móra" ná cruinnighim mo chompánaigh le chéile i bhfáinne agus teigheann mise thart ag leigint orm gur madadh a bhíos ann. Annsin cuireann na páirtí eile a láma thuas agus bíonn siad ag rádh "Geataí Móra, Geataí Arda, agus
    mar sin de.
    Seo cluiche eile a n-imrigheann mé ná "Luarabog, lárabog." Sé an chaoi a ndéanann mé é ná gheibheann me mo
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Núthail
    Gender
    Female
    Address
    Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe