Scoil: Crois Bhóthar

Suíomh:
Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0254

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0254

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Crois Bhóthar
  2. XML Leathanach 0254
  3. XML “Bia na Seanaimsire”
  4. XML “Bia na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    d'itheadh na daoine na "tea leaves" agus chaitheadh siad amach an tae.
    Fuair mé an t-eolas seo ó mo shean-athair - Micheal Ó Lurgáin - atá 75 bl. d'aois agus é in a chomhnuidhe in ár dteach-sa i
    gCluain Caoilbhigh, 4 míle ar an taobh thuaidh de bhaile mhór Thuama, i gCo. na Gaillimhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. D'itheadh daoine na sean-aimsire trí béilí sa ló. Bhíodh siad ag obair dhá uair roimh an chéad béile ar maidin.
    Ag an mbricfeasta d'itheadh siad leite agus bainne; ag an dinnéar bhíodh fataí, salann, bláthach agus uaireannta leite; agus ag an suipéar fataí nó leite.
    Ar feadh an lae, dhéanadh na mná arán coire agus cuirtí é i mála in aice na teine - é gearrtha i bpíosai agus an t-ainm "colpai" ortha sin. San oidhche, gach duine ar a mbíodh ocras, theigheadh sé go dtí an mála agus d'itheadh se "colpa".
    Bhíodh scib (sórt ciseáin) fágtha ar phota mór i lár an tighe, agus an líon tighe in a suidhe thart
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Chraobhanta, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Michéal Ó Lorcáin
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann