School: Crois Bhóthar
- Location:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Crois Bhóthar
- XML Page 0120
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Gheibhidís píosa gréise agus píosa baraigh agus dhéanaidís é i sreangán mór agus cuirtí isteach i bpíosa miotail ar a dtugadh
"griset" agus leagadh isteach ann é. D'fhághaidís annsin é ar feadh cúpla lá go dtí go mbéadh sé cruaidh agus annsin lasfaidhe e.
Sí an chaoi a ndéanaidís na ciseáin ná gheibhidís slait saileóige agus chuireadh siad síos san talamh iad annsin chuireadh siad cinn eile treasna ortha isteach is amach tríd na ceannaibh a bhíodh in a seasamh go mbíodh an ciseán sáthach mór. Chuiridís lámh annsin
air agus bhíodh sé níos fearr ná ceann ar bith atá le fághail anois.
Dubhairt mo shean-mháthair freisin go raibh roth lín ag a máthair agus go raibh roth casadh ag a sean mháthair. Sí an chaoi a
ndéanaidís an lín ná cuirtí ar dtús é. Annsin nuair a bhíodh sé aibidh tarraingtí é agus tógtaí go trínsí é agus nightí é agus fágtaoí annsin é go mbíodh sé lobhtha. Cuirtí amach faoi taithneamh na gréine é chun é a thiormú. Gheibheadh cailiní sliseanna annsin(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Núthail
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe