Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba

Suíomh:
Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 054

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 054

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
  2. XML Leathanach 054
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean mhór laidhir pósta ag firín beag cráídhte. Lá amháin bhíodar ag dul chuig an marghadh i gcairtín asal. Chuaidh an t-asal suas ar an chlaidhe. D'iompuigh an cairt agus caitheamh an beirt aca ar an mbóthar. Dubhairt an bhean leis an bhfear an cairt a thógail suas acht ní raibh sé in dhon. Annsin thóg sí féin an cairtín agus dubhairt sí leis an bhfear "Ní tú is measa ach an bhean a pos thú acht a mbeid arís ann bheith fear agamsa."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgeal eile
    Bhí bean déirce ann agus bhí fear ana-chantalach pósta aice. Bhíodar ag gcomhnuidhe ag diospóireacht. Sa deire d'fágh sí é agus bhailigh leí suas go Cuighe Mumhan. Deirtear gur fearr an troid ná an t-uaigneas agus tar éis tamall tháinig sí abhail[e] arís. Sé an chéad sgéal a chúala sí go raibh a fear mar[bh] le bliadan. Gabh trúaighe í agus síor [!] leí go dtí an roilig agus go deimhin agus go dearbhtha bhí an uaigh annsin agus go leor leor driseóga agus neantóga ag fás inntí. Cháit sé [!] i féin ar a dhá glúin agus í ag gol agus ag padroicht agus ag bualadh a bos go truaighmhéala[ch.] Nuair a dhóigh neantóg í léim sí suas de gheit agus dubhairt go feargach - "Maise, sgread bhainne ort annsin, a theipeacháin grána. Beo nó marbh tá nimh ionnat i gcómhnaidhe."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Mhurcadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo