School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Location:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- XML Page 054
- XML “Scéal”
- XML “Scéal Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean mhór laidhir pósta ag firín beag cráídhte. Lá amháin bhíodar ag dul chuig an marghadh i gcairtín asal. Chuaidh an t-asal suas ar an chlaidhe. D'iompuigh an cairt agus caitheamh an beirt aca ar an mbóthar. Dubhairt an bhean leis an bhfear an cairt a thógail suas acht ní raibh sé in dhon. Annsin thóg sí féin an cairtín agus dubhairt sí leis an bhfear "Ní tú is measa ach an bhean a pos thú acht a mbeid arís ann bheith fear agamsa."
- Sgeal eile
Bhí bean déirce ann agus bhí fear ana-chantalach pósta aice. Bhíodar ag gcomhnuidhe ag diospóireacht. Sa deire d'fágh sí é agus bhailigh leí suas go Cuighe Mumhan. Deirtear gur fearr an troid ná an t-uaigneas agus tar éis tamall tháinig sí abhail[e] arís. Sé an chéad sgéal a chúala sí go raibh a fear mar[bh] le bliadan. Gabh trúaighe í agus síor [!] leí go dtí an roilig agus go deimhin agus go dearbhtha bhí an uaigh annsin agus go leor leor driseóga agus neantóga ag fás inntí. Cháit sé [!] i féin ar a dhá glúin agus í ag gol agus ag padroicht agus ag bualadh a bos go truaighmhéala[ch.] Nuair a dhóigh neantóg í léim sí suas de gheit agus dubhairt go feargach - "Maise, sgread bhainne ort annsin, a theipeacháin grána. Beo nó marbh tá nimh ionnat i gcómhnaidhe."- Collector
- Máire Ní Mhurcadha
- Gender
- Female
- Address
- Ballinrobe, Co. Mayo