Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rinne na sean-daoine na coinnle fadó as ceir agus blonag iad mascadh le chéile. Seo é an caoi a ndéanadh siad na coinnle.
Geobhadh siad pota miotal agus cuirfead siad an ceir agus an blonag isteach sa bpota. Nuair a bhíodh sin déanta acú cuirfead siad an pota sios ins an teine agus bruitheadh siad an ceir agus an blonag. Tar éis deich noimeataí tógadh siad suas an pota fághadh siad annsin é go n-eirigeochad sé fuar.
Annsin thosnuigheadh siad ag obair ag déanamh na coinnle chuireadh siad amach ar an mbord é agus dhéanadh siad leathan é chuireadh siad sreang í lár an gréis agus dhunadh siad suas é agus bíonn na coinnle déanta acu annsin.- Bailitheoir
- Miceál Ó Ruadháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluain na gCaiseal, Co. Mhaigh Eo