Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Triúr dearbhráthar a bhí ann fadó agus ní raibh éinne aca ar scoil ariamh. Amadáin a bhí ionnta. Ins an am úd bhí dúil mhór ag daoine sa mBéarla. Cheap an triúr seo go mbéadh an saoghal go maith aca féin da mbéadh beagán den Bhéarla aca. Dubhairt an duine ba sine aca go racadh sé fein ar sgoil lá ar na bhárach. Ní raibh an Béarla le fágháil ach ar scoil. Chuaidh an fear ba sine aca ar scoil lá ar na bhárach. D'fhóghluim sé dhá fhocal Bhéarla an lá sin. "We three", an dá focal an lá sin. Bhí áthas ar a chroidhe ag teacht abhaile. "Tá Béarla breágh agam" ar seisean leis an mbeirt eile. "Abair duinn é ", ar siad-san. "We three" arsan dearbhráthair. "Céard é sin", ar siad. "Níl fhios agam", arsan dearbhráthair. Bhí a dhóthain Béarla annsin ag an fear aosta, agus d'eirigh sé as an scoil.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáith Nic Ghraith
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Mac Graith
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo