Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba

Suíomh:
Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 061

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 061

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
  2. XML Leathanach 061
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sa t-sean aimsear bhí fear ann. Bhí sé ag baint an fhéir lá. Céard a bhí ann acht girrfiadh in a chodladh. Léim sé amach agus do chaith an fear an speal leis agus do bhain sé cos de.
    Lá amháin bhí sé ag dul go dtí an aonach. Bhí sé an moch agus chonnaic sé teach agus solas ann. Bhuail sé ag an doras agus d'osgail an fear an doras. Chuaidh sé isteach. Chonnaic sé fear in a shuidhe agus ar sé "Céard tá ort". Dubhairt an fear "Ta fhios agat". "Ó níl" ar seisean. "An gcuimhin leat an lá a bhí tú ag baint an fhéir? An gcuimhin leat an giorrfiadh a léim amach . Mise a bhí ann an lá sin agus tá mo chos briste ó'n lá sin amach". "Ó tá truagh agam duit " arsa an fear.
    "Oscail an cómhra agus gheobhaidh tú póta óir" arsa an fear. D'oscail an fear an comhra agus do fuair sé an pota. Chuaidh sé abhaile annsin agus bhí sé saidhbhir go bhfuair sé bás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean de Búrcha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo