Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba

Suíomh:
Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 066

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0101, Leathanach 066

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
  2. XML Leathanach 066
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí cailín beag ann uair amháin agus bhí a sean mháthair in-a cómhnaidhe lei féin in aice lei. Tháinig sí chuig a sean mháthair lá go bhfeiceadh sí an raibh sí go maith. Fúair sí in a leabaidh í. "Tá tú tinn a mháthair mór acht imtheóchaidh mise abhaile agus innseóchaidh mé do mo mháthair go bhfuil tú ann tinn."
    D'imthigh sí lei agus d'fhág sí an doras fhoscailte. Bhí mada fiadháin ins an lios in aice leis an teach. Thainig se isteach ins an teach. Chúaidh sé síar ins an seomra agus marbhuigh sé an t-sean-mháthair agus d'ith sé í. Annsin chúaidh sé isteach ins an leabaidh agus shocruigh sé an t-éadach air féin.
    Núair a tháinig an cailín beag isteach chúaidh sí síar ins an seomra. "Ó a mháthair-mhór nach agat atá an t-éadan mhór agus nach agat atá an dá láimh mhóra." Ní tuisge a dúbhairt sí é sin ná léim sé amach as an leabaidh agus rith an cailín beag amach as an leabaidh , agus rith an cailín beag amach agus í ag sgreadail. Cualaidh beirt fhear í a bhí ag baint adhmaid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sile Ní Oisín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bean Ní Oisín
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an tSiáin, Co. Mhaigh Eo