Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 074
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 074
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tobar na nAingeal: Tá tobar ar an Bhinn Dhuibh agus téidheann na daoine ann ar turas i mí na Beáltaine. Tá dhá thobair ann agus caithfidh tú paidir agus abhe Maria a rádh ag acan ceann de'n dhá thobair.
Tá carnan cloch ag na dtaobh agus caithfidh tú seacht ndeichneabhar a rádh ag an carnan. Seacht gcloch a chuir fa do chorp agus thú fhéin a choisreacadh leo. Tógtar uisge as na toibreacha. Níghthear na cosa agus na lámha agus geárrtar cómhartha na Croiche ar an croidhe. Bheir na daoine buideal de uisge as an dhá thobair leo fa choinne leigheas thinneas thobain.
Tá cliú agus cáil ag an tobar seo ariamh anall ó am na dlighthe piannaideacha. Deirtear i bhfad ó shoin go rabh sagart ar a theicheadh bhí sé ag deánamh a sgíste ag an tobar seo. Nocht na saighdiúirí dearga ar árdan os a chionn agus nuair a tharraing siad cómhgarach chuige gur imthigh an sagart as amharc agus nach rabh le feiceail acht aingle.
Thainig sgannradh ar na saighdiúirí agus theicheadar. Bheannuigh an sagart an tobar agus dubhairt go bhfuigheadh achan duine in dólas, sólas as an tobar seo. Sin an fáth go bhfuil leithead de mhuinghin ag na daoine sa tobar seo. Bhí oiread turasóirí ag teacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Ó Baoghaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Cniotálaí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)