School: An Cuimín (roll number 6162)

Location:
An Coimín, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 024

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 024

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cuimín
  2. XML Page 024
  3. XML “Lá Toirní”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí an-toirneach ann indé. Thoisigh sé i dtrathaibh an dó ó clog agus mhair sé go dtí an ceathair. Bhí cith ann(?) leis agus mhair sé fad agus a mhair an toirneach. Bhí sé ag cur go trom fá na cnuic agus fa shléibhte. Bhí na sruthain líonta amach. Bhí an-tuile ins(?) an abhainn agus bhí moran daoine ag iascaireacht fa coinne bric agus bradain le citeogai. I gcor áit bhí an tuile amuigh ar na srathaibh. Ní fhuair na h-iasgairi moran bric no bradain no bhí an tuile ró-mhór. Ní rabh sliabh no cnoc nach rabh na sruthain thar maol ortha. Bíonn eagla ar cuid mhór de na daoine roimh an toirneach agus scaruigheann siad.
    Bhí soillsigheacha dáinsearach ann(?) agus bhí an tóirneach comhgarach againn. Ní rabh moran daoine amuigh ag obair no ní thiocfadh leóbhtha fanacht amuigh no bhéadh siad flioch go craiceann. Bhí na tuillte ag dul isteach i bpoill na gcoinin agus mothuigheadh na coiníní(?) an t-uisge ag dul isteach ortha agus theicheadh siad. Bhí fir agus madaidh annsin ar a dtóir(?).
    Bhí bucáidí aca agus cuirfeadh siad isteach uisge ins na poill leóbhtha. Ní fhuair moran coiníní ar shiubhal no ceann ar bith a thiocfadh amach ritheadh na madaidh ina ndiaidh agus mhairfeadh siad iad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. thunder and lightning (~109)
    Language
    Irish
    Collector
    Aodh Ó Baoghaill
    Gender
    Male
    Address
    Cloghan, Co. Donegal