School: An Cuimín (roll number 6162)

Location:
An Coimín, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 067

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 067

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cuimín
  2. XML Page 067
  3. XML “Ag Déanamh Aráin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (1) Fadó ins an ceanntar seo meileadh na daoine a gcuid coirce agus cruithneachta fhéin sa bhaile. Bhíodh bró no cloch bhroige in achan teach. Ba gnáthach leobhtha an coirce a tiormughadh i bpota ós cionn na teineadh.
    Sé mar gnídead siad é, annsin leigeadh duine anuas an gráin agus casadh duine eile an cloch uactrach, acht bhíodh an caith fríd an mhin. Cuirfidhe fríd criathar é agus bainfidhe an caith as. Can fhuil aon bhró ins an áit seo anois acht tá a lán cor cloch bróine le fághail go fóill. Níl iomradh ar bith ortha anois act chuirtear an coirce uilig chuig an mhuileann cun é a fhághail meilte.
    Ar an ngridill a bhruitidhe an t-arán roimhe seo fosta. Tá sé cosamhail le oigheann acht nach bhfuil fonnsa ar bith thart air. Bhíodh sé i núsaid fá choinne bocstaí a dheánamh.
    "Bocstaí"
    (2) Préataí a ghrátail agus an "stuf" a bhfásgadh in éadach. Na dhiaidh sin - préataí bruithte a bhrughadh agus iad a mheasgadh leis an "stuf" a d'fhásgadh. An stuf a tháinig ó'n fásgadh a fhágailt i soiteach agus má fhágann tú tamailt é béidh stailc (starch) agat ar thóin an soithighe. Measgann tú suas an t-aran agus ní grádh leis na sean-daoine plúr ar bith a chuir ar mhullach an t-arán act sé an stailc a chuirfead siad air. Annsin tá sé réidh le bruith ar an oidheann no air an greidill.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
        1. bread (~2,063)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhaoghaill
    Gender
    Female
    Address
    Cloghan, Co. Donegal
    Informant
    Gráinne Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Age
    68
    Address
    An Coimín, Co. Donegal