Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 077
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomaidh rud cruaidh a tharlaidh ins an ceanntar acht tá seo ar cheann aca. Chuaidh dha dearbhathair darbh ainm Ua Gallchobhair amach ag spealadóireacht bhí an lá an-té agus shíl siad go rachadh siad amach ag snámh. Bhí fear eile as baile Chiarragáin agus bhí sé indiadh na preataí luath a bhaint agus chuaidh seisean agus thoisigh ag spealadóireacht cois na habhna.
Nuair a bhí na Gallchobharaigh ins an abhainn thainig comharsa thart agus le cleas a imirt ortha chuir sé a gcuid eadaigh i bfolach. Thainig siad amach ag cuartú an eadaigh sgairt seisean leo go rabh mná ag teacht an bealach agus rith a bheirt isteach san uisge arais agus chuaidh amach ro fhada isteach go "poll coráil".
Bhí an tríomhadh fear Mac Aoidh a bhí air, bhí sé indiaidh an chéad trath de na préataí luath a bhaint agus a bhfagail sa tigh ag na mhnaoí. D'innis sé díthe go rabh sé ag dul síos un na t-sratha ag baint féir agus go mbeadh sé arais fa choinne an bhruitín ag an dó dhéagh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Muighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ailt an tSneachta, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Muighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Ailt an tSneachta, Co. Donegal