Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 061

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 061

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 061
  3. XML “Cailleacha na bPisreog”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-mná abhí ionnta agus ar bhigil na Bealtaine, beireadh siad a gcuid anamnacha do'n diabhal agus annsin bhéadh cúmhacht éigin aca. Bhéadh siad ábalta an báinne a baint de na buaibh agus an t-im a bhaint de'n chuinneóig. Theigeadh siad go dtí an áit a mbéadh trí dhúithci agus rópa leo. Casfadh siad an rópa trí h-uaire agus deirfeadh siad "Taradh deireadh cugamsa"
    Deirtear go dtiocfadh leis na cailleacha seo theacht agus an báinne a bhaint de na buaibh agus nach bhfeicfidhe iad. Acht da dtiocfaidhe ortha ghlacfadh siad dealbh nó cosamhlacht giarrfiaidh agus go n-imtheochadh siad. Ní thiocfadh le cú breith ortha agus ní thiocfadh iad a sgaoileadh acht le pileár airgid agus mar sin fhéin ní dhéanfa acht iad a (?)
    Deirtear gur roimh éirigh gréine a ghnídeadh na cailleacha seo a gcuid cleas. Deirtear go mbéadh an oiread báinne ag na ba agus a bhíodh acht nach mbeadh im ar bith air. Mhothuigh mé fá dhaoine a bhíodh ag buaileadh ar feadh tamaill maith agus ní bhéadh dadaidh ar an mhaistreadh acht cómhair.
    Deirtear go raibh daoine ann a thairraingeochadh droch mheas ar an báinne agus go raibh drochshuil aca. Chualaidh mé scéal fá dhaoine nach raibh im ar an bháinne agus chuaidh siad chuig an sagart. D'fiafruigh an sagart dóbhtha ar b'eigin dóbhtha a gcuid eallach a chuir thart ag doras theach Albanach chuig páirc an ingilt. Dubhairt siad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. cailleacha (~139)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Gallchobhair
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60