Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Corr-Glas a bhí ann a rug an stoirm léi ó Éirinn agus ná
fuair talamh go dtí gur bhain sé inis í amach mar a raibh
colm ag feitheamh leis.)I
Mór an mhuir do thuargain tráigh,
Dá coipeadh d'á cáthadh ag gaoith -
Guth fá'n stoirm nuair chuala Colm
Ar thorainn na dtonn i n-Í.II
Ghéim an tonn agus ghéim an spéar
Ach ghlaoidh airís an guth fann,
Gur thúirling as néalltaibh éan
Is chluithruigh 'na chléibh a cheann.III
Beirt deoruí ar ball i gcill chumhang
Slíogann an naomh clúmh an éin;
Guirt ar a ghruadh frasa deor,
Ró-mhór é a ghrádh do neach Ghaidheal.IV
Trí lá lonnuigh thall an t-éan
Gur ath-ghaibh an spéar a lí;
Bhiodhg sé, mar ór bhuidhe ce las
An t-aiteann ar fhuar-chraig Í.V
Go ciumhasaibh na dtonn ngorm téighid –
Bhí cumhracht ó Éire ar ghaoith;(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall