Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 007

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 007

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 007
  3. XML “Scéal an Ghearráin Bháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann aon uair amháin agus bhí trí n-ingeanach(?) aici. Bhí sí bocht agus ní rabh dadaidh aici le bhéith beo ar acht gairdín cáil ghil. Bhí gardín maith cáil ghil aici an bhliadhain seo agus oidhche amháin thainig sean-ghearran bán thart agus chuaidh sé isteach ins an ghairdín.
    Chuaidh an cead n-inghean amach agus an maide briste léithe agus bhuail sí an gearran bán agus ghreamuigh an maide briste ins an ghearran agus ar siubhal leis agus an cailín in a dhiaidh. Ins an deireadh thuit an cailín isteach i gcaislean.
    Thainig an gearran bán isteach in a fhear uasal agus d'iarr uirthí an tae a dhéanamh. Rinne sí an tae agus chuaidh siad a luighe. Ar maidín d'iarr an fear uirthí an bhó a bhlighe no go rabh seisean ag imteacht. Dubhairt sé léithe gan dul isteach ins an t-seomra seo(?).
    Bhlighe sise an bhó agus d'iarr an cat mór ruadh bainne uirthí acht ní bhfuair an cat bainne ar bith agus annsin chuaidh an cailín isteach sa t-seomra agus bhí mná istoigh ann. Bhuail an fear le slat draoidheachta í agus chuir a codhladh í.
    Chuaigh an gearran bán arais(?) go dtí an gairdín agus thainig an dara ingean leis an mhaidhe pota in a dhiaidh le íoc a bhaint as acht d'éirigh duithe mar d'éirigh do'n cead n-ingean agus cuireadh a codhladh í le taoibh an cead n-ingean.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Fhionntaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Tóin Dubh (Thompson), Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Róise Nic Fhionntaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Tóin Dubh (Thompson), Co. Dhún na nGall