Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Scéal an Ghearráin Bháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An treas oidhche thainig an gearran arais agus chuaidh an treas ingean amach na dhiaidh leis an sguab agus ghreamuigh an sguab ins an ghearran agus ar siubhal leis. Thuit an cailín isteach ins an caislean agus i gcionn cupla bomaite thainig an sean-ghearran bán isteach in a fhear uasal.
    D'iarr sé ar an chailín tae a dhéanamh. Rinne sí mar h-iarradh uirthí. Chuaidh siad a luighe annsin agus ar maidín dubhairt an fear léithe "blighe an bhó no tá mise ag imteacht ach no gabh isteach ins an t-seomra. Bhlighe sí an bhó agus d'iarr an cat mór ruadh bainne agus thug an cailín bainne duithe. Chuaidh sí isteach ins an t-seomra agus chonnaic sí cuid mhór cailíní na gcodhladh agus chuir sé iongantas mór uirthí. Thainig sí amach arais ach bhí a cuid cosa salach.
    Dubhairt an cat go dtug sise bainne duithe agus ghlan sí cosa an chailín ar soin an bhainne. Ní rabh fhios ag an fhear uasal go rabh sí istoigh. Nuair a thainig an fear uasal abhaile leig sé abhaile na cailiní a bhí na gcodladh agus pósadh é féin agus an cailín seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Fhionntaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Tóin Dubh (Thompson), Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Róise Nic Fhionntaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Tóin Dubh (Thompson), Co. Dhún na nGall