Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)
- Suíomh:
- An Coimín, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Aoidh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 084
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cuimín
- XML Leathanach 084
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí dearbhrathair saidhbhir agus dearbhrathair bocht ann uair amháin agus bhí an bheirt aca pósta.”
Bhí dearbhrathair saidhbhir agus dearbhrathair bocht ann uair amháin agus bhí an bheirt aca pósta. Bhí teach ag achan duine do féin agus bhí an fuath ag an fhear saidhbhir ar dhaoine bochta a bhéadh ag cruinniu a gcoda. Níor chuir an dearbhrathair bocht amach aon duine bocht ariamh. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc, thainig fear bhocht a bhí ag díol eadaigh(?)
agus bhuail sé isteach a dtigh an fhir saidhbhir agus d'iarr sé lóisdín acht dubhradh leis nach dtabhairfidhe lóisdín ar bith do aoinne bocht a bhéadh ag cruinniú a chodach acht go rabh fear bocht thíos annsin a bhí ag congbhailt daoine mar é.
Níor dhubhairt an fhear dadaidh acht d'imthigh leis acht ar a bhealach síos chas muc dhubh air agus cé bith go rabh bata leis d'íosfadh sí é. D'iarr sé lóisdín agus fuair acht nuair a thainig am codhlata dubhairt sé go rabh aige le na chuid leabharthaí a dheánamh suas. Nuair a bhí bunadh an toighe ina gcodhladh tharraing sé air sgian agus dubhairt go gcuirfeadh sé creamhan ar an mhuic. Chuaidh sé suas go dtí tigh an fhir saidhbhir agus mharbh sé an muc agus thug anuas go tigh a lóisdín í. Thug sé leis tuban agus shaill í agus annsin chuaidh sé a luighe.
Nuair d'éirigh siad ar maidín d'iarr an fear bocht ar a mhaighistreas scall dé'n mhuic a chuir síos. h-itheadh an mhuic-feoil. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go dteachaidh an ingean an fhir saidhbhir amach le n-a chuid a thabhairt do'n mhuic ní rabh an mhuc le faghail. D'innis sé seo do a h-athair. Bhfuil fhios agat caidé dheánfas tú arsa a bhean. Chur se sneachta aréir agus ní'l sneachta ar bith ar an teach a bhfuil siad ag marbhadh na muice. D'iarr sí air a dhul suas go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Ó Baoghaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Clochán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann