School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 071
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) An Chuimin:- Sul a rannadh an talamh céad bliadhain ó soin, bhí an baile seo na thalamh coitchianta agus Cuimin a biodh mar ainm ar ait de'n t-Seort. Tá cupla baile de'n ainm sa Conndae seo.
Srath Gallaig:- Bhí an srath sin ariamh faoí tuillteacha agus deirtear nuair a bíodh an tuile ag tragadh go mbíodh cuid mhór eisg no (gallach eisg) faghta ar an talamh thirm. Baile na gCreach:- Deirtear gur iomaidh sin luigheachain a rinneadh ar "fir-siubhail" ins an ait-iargculta seo agus baineadh creach daobhta. Marbhughadh fear san ait sin cionnus gur dhiúltuigh sé tabhairt isteach do róbairí.
Carraic an Óir:- Tá pairc carraic an oir ar bhaile na Garbh Abhainne. Deirtear go bhfuil ciste óir i bfolach 'san ait san áit sin.
Cill Raithne:- Sin baile soir uain ar thóg Raitne deirbhshiur Taobóige cillin no roilig ann. Tá fothracha na cille is feiceal go foill acht níor cuireadh aon nduine inntí le dhá chéad bliadhain.
Ard na Breice:- Alt ar an Fál Gharbh. Tá fadó shoin bhíodh eallach féaraigh san áit seo agus aon bhliain amháin fuair siad uilig bás acht bó bheag breac amáin agus comhnochadh sise fa'n ard sin agus tugadh an tainm sin air ó shoin.(continues on next page)- Collector
- Peadar Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- An Coimín, Co. Donegal
- Informant
- Séamas Mac an Ultaigh
- Gender
- Male