School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 093
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an Inid an tam is mó a phósann na daoine ins an Pharoiste seo. Ó "Athair An Dá Lá Déag" go Mairt na Inde.
Creideann na daoine go bhfuil laethe - rathmhar agus mí-rathmhar ann - mar - Dia Luain fá choinne sláinte, Dia Mairt fá choinne táinte, Dia Ceadaoine an lá is fearr ar bith, Diardaoin fá choinne mí-ádh, Dia hAoine fá choinne triobloide, ní lá ar bith an tSathairn agus Dia Dómhnaigh an lá is measa de'n iomlán.
Ba gnáthach leis na daoine posaidhte a dheánamh tráthnóna indiaidh luighe gréine act tá deireadh le sin ins an ceanntar seo anois. Postar iad go luath ar maidín anois.
Tá pisreogaí ag baint leis an cineal eadaighe a caitheann na daoine. Is gnáthach ball gorm a caitheamh i nOnoir na Maigdine Muire. Ní caitheann achan nduine gorm act gorm is mó a caitheann siad sa Conndae seo.
Is annamh anois a chluinfea iomradh ar "coisire", act bhí a leithead amhlaidh san pharoiste tá fiche bliadhain ó shoin. D'imtheochaidh "peire" i nganfhios go toighe eigin dá gcuid gaoil. Bhíodh uisge - beatha leisean agus bhíodh oidche mhór aca.
Cuirfidhe sgeala cuig muinntir na mná lá thar na bharach ag innse dobhtha cá(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cloghan, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Baoghaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Cloghan, Co. Donegal