School: An Cuimín (roll number 6162)

Location:
An Coimín, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Aoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 048

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 048

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Cuimín
  2. XML Page 048
  3. XML “Scéal - Na Bocáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo sgéal i dtaobh fás na bocan. Bí ar Slánuightheóir agus Naomh Peadar ag siubhal fríd choill lá amháin. Bhi taisteal fada deánta aca agus gan aon bhiadh caithte aca. Bhí smut aráin 'na phóca ag Naomh Peadar, ach níor mhaith leis é a thabhairt amach ar eagla go mbéadh fearg ar ar Slánuightheóir. Ar a shon go raibh an Máighistir ag eachtra sgéalta iongantacha do Pheadar choimeád an t-ocras é ó éisteacht leo.
    'Sa deireadh bhris ar an bhfoidhne aige agus thóg sé amach an smut aráin. Cheap sé é d'ithe i ngan fhios do ar Slánuightheóir. Gach uair a bhíodh a bhéal lán ag Peadar do labharadh an Máighistir leis, agus bhíodh ar Pheadar an bhéalóg do chaitheamh amach. Bhí an t-arán ar fad idighthe ag Peadar agus gan greim de ithte aige..
    Do thárla rud iongantach. Gach áit 'nar chaith Peadar béalóg amach d'fhás suas láithreach rud cruinn bán. Biadh maith do b'eadh iad, agus bócáin a thug na daoiní ortha.
    Thárla go raibh an diabhal ag faire ortha agus chonnaic sé an t-iongantas. "Is féidir le h-aon amadán é sin do dheánamh," ar seiseas. "Ach deánfadsa bócáin a bhéidh i bhfad níos bréaghtha agus níos deise." Fuair sé bulóg aráin agus dhein sé aithris ar Pheadar Naomhtha, d'fhas bócáin de gach dath an-chosamhail le cinn Pheadair. D'ith na daoiní
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhaoghaill
    Gender
    Female
    Address
    Cloghan, Co. Donegal