School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 012
- XML “An Paróiste seo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá eolas maith ag na daoine tá beo ins an pharóiste seo an dóigh a fuair an pharóiste a h-ainm. Bean darbh ainm Taobhóg a cuir suas teach pobail ins an roilic agus annsin h-ainmnughadh an pharóiste in a diaidh. Bhain na h-Albannaigh teach an phobail seo ó na Catloicigh agus bhí siad ag cur cuirp na n-Albannaigh ins an roilic.
Am amháin cuireadh corp Albannach ins an roilic agus chuaidh fear síos go dtí an roilic le rud éigin a dhéanamh leis an corp. Ag marcuigheacht a bhí an fear seo agus nuair a thog sé an cómhra amach as an uaighe cuir sé rópa thart uirthí. Ceangail sé an rópa do'n capall agus chuaidh sé fhéin a mharcuigheacht agus chuaidh an capall isteach san abhainn. Nuair a bhí an cómhra istoigh ins an abainn ghearr sé an rópa agus d'imthigh sí leis an tuille.
Nuair a cualaidh na h-Albannaigh seo ní rabh siad sasta agus ó'n lá sin ní ba mhó ní cuireadh Albannach ins an roilic atá ins an pharóiste seo.
Tá na sean-fothrach le feiceailt ins an roilic seo go fóill a cuir Taobhóg suas agus níl dadaidh ann anois acht na ballaí fuara follamha. Bhí beirt deirbsuir aici darbh ainm Raithne agus Cara. Cuir Raithne roilic ar bun i gCill Raithne agus sin mar fuair an áit seo a ainm mar tá Cill Raithne. Cuir sí ceann eile ar bun comhgarach(continues on next page)- Collector
- Seán Mac Fhionntaigh
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Cloghan, Co. Donegal
- Informant
- Roise Nic Fhionntaigh
- Gender
- Female
- Age
- 63