Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)
- Suíomh:
- Baile Mhicheáil, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ua Gafacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhichíl
- XML Leathanach 303
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Séamus mac a Phersin," "Micheal Cordáin," "Cannaigh," "Peadar na gCliabh," agus "Padraic na Tópai."
Ní rabh Máire na nGé abalta siubhal agus bhéadh ag na daoine dhul thart leithi ó teach go teach i mba i barrach rotha lé deirc a fhaghail. Bhí bearrad bán uirthi agus cha rabh sí ró mhór agus chuireadh sí eagla ar dhuine ar bith.
Bhí Domhnall na Ribín i gcomhnuidhe af dhul thart agus gach cineal dé ribíni ina láimh aige. Bhí eile ag dhul thart fósta ag chruinnuigheadh buideal agus tugadh na daoine Padraic na mbuideal air.
Ní rabh lucht siubhail na sean aimsire ag faghailt airgid ar bith acht ag dhul thart agus mála ar a ndruim aca; agus bhéad na mála sin lán dé mhin agus preátai a chruinnuigheadh siad ins na toighthibh.
Bíonn cuid de na daoine déirce a bhíonn af dhul thart anois ag cruinnuigheadh gruaige capall agus nuair na hfuigheadh siad pinghean d'iarradh siad bratóga agus uibheacha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Cholla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Earra Thíre na Binne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Earra Thíre na Binne, Co. Dhún na nGall