Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dheirbhfiuir an nighean mhaith.
Cuartughaidh teach an chailleaígh anois agus cuirfidh mé geall go gheobhaidh (?) sibh rud ínteacht a dheanfaidh sibh mait" ars' an muillean leobhtha.D'imthigh an triúr annsin agus ruaisg siad teac na cailligh o bhun go barr, agus fuair siad an oiread sin de ór agus saidhbhreas cha rabh ann acht go rabh siad ábalta iad a d'iomchuir na baile.D'imthigh siad leobhtha annsin ag tarraingt ar an baile agus rith an ama go rabh siad ar shiubhail bhí an mhathair bhocht leithí-fhein uaigneach agus bronach i gceart agus bhí sí i dtolamh ag fanacht orthú agus ag coimhead go bhfeicidh sí an rabh siad ag teacht. Chonnaic sí iad agus chuaidh sí ann an airicis. Cuir sí fíor-chaoin failte rompí agus chuaidh siad uilig isteac san tigh na gcuideachta le ceile. Bhí go leor airgid agus achan rud acu anois agus ar an adhbhar sin d'éirigh siad iontach mó le ceile agus bhí sean am breágh acú on lá sin go dtí an lá a fuair siad bás.- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)