School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 160
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Druim na Rath
- XML Page 160
- XML “An Chéad Taibhse a Chonaic mé”
- XML “Scéal Fheargail Mhag Fhionnghaile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí eagla mo shaoth orm acht thainic me chugham féin roimh a bhfad agus shiubhal mé a bhaile níos gaiste an oidhche no rinne me ariamh. Cha dtáinic rud ar bith eile orm an oidhche sin acht bhí athas an dhomhain orm nuair a fuair me isteach san tigh.O'n na sgéalta seo tá se saillear do dhuine ar bith go bhfuil taidhbhseannaí ann agus níl a dhath a mhaith a rad nach bfuil.
(Chualaidh mé leir sgealta eile fa daobh do thaidhbhse o na sean-daoine a bhí ann nuair bhí mise mo ghasur bheag. Níl mé ag scríobhadh síos móran díobta, - cupla ceann - go dteisteann siad an seort sgéalta a badh gnathach le na sean daoine a bheith ag innse thart fa cladach an teineadh ar na h-oidhcheannaí ghairbh geimridh 50 bliadain ó sion) - Bhí fear, dar ainm Feargal Magfhionnghaile, na chomhnuidhe cois dorais dúinn, nuair a bhí mise beag. Badh gnathach leis a theacht isteach ag Áirneal i dtigh sagainne cupla oidhche achan seachtmhain nuair a bheadh an geimhreadh ann. Is iomdha sgéal deas a bhí ag Fheargal, agus leóga, bhí se ábalta iad a innse go bréagh deas. Shaoilfea gur léightheoireacth as leabhar a bhí sé ag deanamh. Béadh athás an domhain orm nuair a thiocfadh sé ní bhí fhios agam go mbead sgealtaí againn súl a d'imthigh sé agus sin an rud a badh mhaith liom agus 'ach a'n sgafaire eile de mo sheort.(continues on next page)
- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Feargal Mag Fhionnghaile
- Gender
- Male