Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 192
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 192
- XML “Mairgní na Circe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Fuair mé an dúan beag seo ó ghiorrsach bheag ins an sgoil lá amháin. Sé Gráinne Nic Páidín a h-ainm, agus fuair sí ó na mathair e, as Druim Easoin ata rí-comhgarach leis an scoil annseo)
Marganaigh na Circe
Bhí coileach beag agam a rugadh sa Mairt,
Chruinnigh na mna agus chuir siad an dúil ins an fheoil,
Agus chaith siad an trath beag sin súgach go leor .
Da bfeicfea mo choileach lá Aonaigh agus Margaidh
Aníos agus síos an t-sraid;
Fip in a dhorn a's é ag dul mar a b'í Rí ann.
Péire spur geal de'n airgead déanta
Hata faoi lafaí agus lamhainí buidhe.
Cearc agus Coileach a dimthigh le chéile,
Amach fríd na sleibhte ag deanamh a sola thar,
"Ambó" ars' an Chearc agus í ag dul ar an fharradh
Nach buartha bocht foinne mé ag innsint mo sgéal,
Fa chéíle mo leaptha, athair mo cloinne,
Sínte 'sa photha agus an leach ar a bheal.
Spreaghadh ar mnaibh Doire Leatan!
'S iad a chuir dúil ins an fheoil.
Phioc siad a crúbaí, sgílt siad a chnamha
Chaith siad an trath beag sin súgach go leor,- Bailitheoir
- Gráinne Nic Páidín
- Inscne
- Baineann