School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 182

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 182

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 182
  3. XML “Na Daoine Gortacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (Sé seo sgéal beag a fuair me Ó Dhomhnall Uá Ghallcóbhair as Doire Fada comhgarach leis an sgoil annseo. Tá Domhnall beo go fóil; tá sé bordaigh ar 75 bliadhna de aois agus fuair se an sgéal seo ó na mhathair)

    Bhí fear óg ann a bhfad ó shion agus is a bhfad o sión a bhí, agus leóga is annamh fear óg eile a bhí ins an áit ag an am a bhí ion-curtha (?) leis an fear óg ceadna. Bhí teach bréagh sglataí agus féirm maith talaimh agus ní rabh duine ar bith eile ins an teach leis act a mhathair.
    Ag an am ceadna bhí cailín óg 'na comhnuide i mbaile fearrain eile fa thuairm cúig mhíle ar shiubhal on áit a rabh an fear óg na comhnuidhe agus leóga sé cailín deas a bhí inntí cinnte. Ní rabh sí ra-bheag no ro mhór, gruaigh deas ór aicí, súla gorma, pluca dearga, agus croiceann comh geal leis an tsneachta, agus bhí an focal deas aicí fa choinne gac duine a casadh uirthí. Bhí sí na comhnuidhe i dteach bréagh fosta gan duine ar bith ann act a h-athair agus a mathair act daoine gaoineacha a bhí ionnthu agus is iad na daoine nach leigeadh a gcuid leis an madadh.
    Bhí an buacall agus an cailí seo bordaigh ar an aois ceadna, agus aonach Bhealtaine amháin, bhí an bheirt acú ag an aonach mar badh gnathach le na daoine óga ag an am sin. Casadh siad ar a cheile insan aonach agus le sgéal fada a deanamh goirrid thuit siad i gradh le cheile. Chaith siad an lá ag spaistearacht fa'n bhaile mhór agus nuair a tháinic an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Domhnall Ua Ghallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    c. 75
    Address
    Doire Fada, Co. Dhún na nGall