Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 174
- XML “An Báthadh Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Tá cuimhne maith agam ar sean-fhear eile a bhí na chomhnuidhe i mbaile sagainne, agus sé mo bharamhail féin go rabh sé an sgéaluidhe is fearr a d'eist mé leis ariamh. Sé Liam Mac Ghiolla Sheanaigh, an t-ainm a bhí air. Fuair sé bhas ins an bhliadhain 1899. Sé sin 38 bliadhna ó shíon, nuair a bhí mise 'mo fhear óg, acht mar sin féin tá cuimhne maith agam ar chuid de na sgeultaibh a badh gnathach leis a innseacht. Bhí a dóigh feín le Liam agus fhad agus bheadh se ag cainnt chaithfidh duine a éisteacht. Bhí Liam ins an America nuair a bhí sé óg. Chaith sé seacht bliadna ann, acht bhí sé a bhaile arais sul a thoisigh an Coghadh Mhór ann. Chaith se cúig bliadhna shíos i GEORGIA mar maighistear ar dhrong sclábhaidhe, agus is iomdha sgéal deas a d'innis fad daobh diobhtha. Bhí sgéal amháin a badh gnathach leis a innseacht. Sé sin sgeal an "Baitheadh Mór." Cha rabh cuimhne ag Liam ar an oidhche, no ní rabh cuimhne ag na h-athair air, acht bhí cuimhne ag athair mhór Liaim ar an oidhche mhiltineach sin. Tharluigh sé nuair a bhí athair -mhór Liaim 'na fhear og - 20 bliadain de aois no mar sin. Ar an adhbhar seo chaithfidh se a bheith comhgarach le 200 bhliadhain ó oidhche an baiteadh mór, agus chualaidh me féin Liam ag innse an sgeal. Sin a' dóigh a (?) na sgealta síos ins an Gaelteacht. Tá me ag scríobhadh síos an sgéal mar cualaidh me e)
AN BAITEADH MÓRBhí iasgaireacht maith i dtolamh i gCuan na Long annseo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Liam Mac Ghiolla Sheanaigh
- Inscne
- Fireann