Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)

Suíomh:
Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 175

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 175

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Druim na Rath
  2. XML Leathanach 175
  3. XML “An Báthadh Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí fairseanacht sgadan, troisc, agus iaisg eile i gcomhnuidhe a bheith le faghail ann, ins an am fad ó comh maith leis an lá indiu. Thiocfadh badaí iasgaireacht as áiteacha eile annseo agus nuair a bhí aimsear na h-iasgaireacht ann, ní bheadh a dhath le feiceal idir Coran Binne annso agus an Dúin Fionnacaidh acht badaí. Is cinnte go rabh an t-uisge idir seo agus an Dhún Fionnachaidh a bhfad níos doimhne ag an am seo atá me ag cainnt fa dtaobh do nó atá se anois no is cosamhail go rabh na badaí ábalta a dhul amach agus isteach achan am a badh mhaith leobhtha.
    Ins an am fad ó bhí séisiur mhaith iasgaireacht ann bliadhain amháin, agus thainic iasgairí as gach uile aird chuig Dún Fionnachaidh. Bhí níos mó no céad LUGGERS as Albain ann, agus chonbhuigh siad ag iasgaireacht a bhfad níos moille ins an bhliadhain na badh gnathach leobtha, cionnus go rabh na sgádain comh fluirseach sin.
    Tá Thuascirt Dhúin na nGall annseo tugadh de stoirmibh tobainne. Tá cuimhne maith agam ar bheirt stoirm a tháinic iontach tobann gan duine ar bith ag smaointeadh ortú - ceann amháin nuair a bhí me mo gasur fa tuairm deich bhliadhna de aois agus an ceann eile nuair a d'éirigh me mór. Sé i mí na Márta a tháinic an chéad cheann a bhfuil cuimhne agam air. Maidin deas gruamdha a bhí ann agus ní rabh an oiread sin de ghaoithe ann a's bhogfadh ribe ghruaige ar dó ceann, bhí na h-iasgairí uilig amuigh i doimhneacht na fairrge ag iasgaireacht troisc. Ní rabh a dhath leobhtha acht a gcuid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. bá (~292)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Liam Mac Ghiolla Sheanaigh
    Inscne
    Fireann